Gaelcholáiste Cheatharlach

Treoir – Guidance

Tá eolas ar fáil ar threoir i nGaelcholáiste Cheatharlach thíos ach tá ár suíomh féin iomlán dírithe ar threoir ar fáil ag an nasc seo TREOIR I NGAELCHOLÁISTE CHEATHARLACH (Link)

Cuirtear Treoir ar fáil i nGaelcholáiste Cheatharlach ar bhonn aonair agus grúpa. Freastalaíonn an scoil uile ar riachtanais na ndaltaí maidir le Treoir Phearsanta, Gairmthreoir agus Treoir Oideachasúil.

Séard is Treoir Phearsanta ann ná deis a thabhairt don dalta fadhbanna nó buarthaí a phlé agus a thuiscint in áit shábháilte. Toisc gur am idirthréimhseach fisiciúil agus siceolaíochta í an ógántacht, uaireanta bíonn dúshláin ann dóibh dul i ngleic leis an bhforbairt seo. Dá bhrí sin tugann comhairleoireacht deis dóibh na mothúcháin agus deacrachtaí a mbaineann leis seo a phlé. Is féidir an treoir a roinnt i dtrí ghrúpa éagsúla ach nasctha lena chéile ag an am céanna:

  • Treoir phearsanta agus shóisialta
  • Gairmthreoir
  • Treoir oideachasúil

Seo a leanas roinnt gníomhaíochtaí a gcabhraíonn leis na daltaí roghanna eolasacha a dhéanamh:

  • Comhairleoireacht phearsanta
  • Measúnithe le tástálacha síciméadracha
  • Eolas gairme (sa rang, clár na bhfógraí, agallaimh phearsanta nó threoir ghairme, imeachtaí gairme)

Seo a leanas roinnt gníomhaíochtaí a gcabhraíonn leis na daltaí roghanna eolasacha a dhéanamh:

  • Comhairleoireacht phearsanta
  • Measúnithe le tástálacha síciméadracha agus fardail
  • Eolas gairme (sa rang, clár na bhfógraí, agallaimh phearsanta nó threoir ghairme, imeacht gairme)
  • úsáid na teicneolaíochta faisnéise m.sh. www.saoloibre.ie , www.careersportal.ie , www.qualifax.ie , cuntas ar Reach+
  • Cláir ar fhorbairt phearsanta agus shóisialta m.sh. Rang Folláine gach seachtain, O.S.P.S, Seachtain Gníomhaí, Lá na Meabharsláinte

Chun Coinne a dhéanamh is féidir leis an dalta dul chuig an gcomhairleor treorach as a stuaim féin, trí teagmháil a dhéanamh leis an oide ranga, oide bliana nó is féidir le tuismitheoir nó caomhnóir glaoch a chur ar an scoil.

Aib 12
2025
Saoire na Cásca
Bealt 05
2025
Lá saoire bainc
Bealt 20
2025
Oíche na hIdirbhliana
Bealt 22
2025
Oíche na Séú Bliana
Easca, Ceatharlach, R93HY89.
059 913 2130
KCETB
State, Multi-denominational & Co-educational
Enquire
Location
© 2025 Gaelcholáiste Cheatharlach