Gaelcholáiste Cheatharlach

Stair - History

Stair - History

Stair an Choláiste

Bunaíodh Gaelcholáiste Cheatharlach i 1990 chun oideachas dara-leibhéal trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil sa cheantar. Ba chéim nádúrtha í seo óir bunaíodh an chéad Naíonra sna seachtóídí agus Gaelscoil Eoghain Uí Thuairisc i 1982. Chuige sin i Mí Feabhra 1990 cheadaigh an tAire Oideachas, Máire Uí Ruairc, coláiste iarbhunoideachas nua faoi choimirce An Choiste Gairmoideachais.

Fostaíodh Caitlín Mhic Cárthaigh mar Phríomhoide i Metheamh 1990. D’oscail an scoil ar an 3ú Meán Fómhair 1990 do naonúr scoláire i seomra in Ionad na nÓg, Ceatharlach, faighte ar chíos ag Seán Ó Caoimh, Príomhoifigeach Coiste Gairmoideachais Cho. Cheatharlach.

Bhog an scoil go dtí suíomh in Easca i Mí Eanáir 1991, áit ar tógadh seomraí réamhdhéanta. De réir a chéile tháinig fás agus forbairt ar an scoil. Cuireadh leis an bhfoireann agus ceapadh Pádraig Ó Ceallaigh ina leas-phríomhoide i 1996. Thug Mícheál Ó Máirtín, Aire Oideachas, stadas buan don scoil i 1998 agus tosaíodh ar phleanáil chun foirgneamh buan a fháil. De réir mar a bhí an scoil ag fás cuireadh síneadh leis an scoil i bhfoirm seomraí réamhdhéanta i 1995, 1998, 2001 agus 2003. Sa deireadh thiar i Mí Eanáir, 2005 thug Máire Ní Ainifin, Aire Oideachas agus Eolaíochta, cead foirgneamh buan a thógáil.

Síníodh an conradh agus chas M.J. Ó Nualláin, T.D. an fód i bhFómhar 2005. Lean bliain tógála nuar a mhair an scoil agus na tógálaithe i lámha a chéile agus bhog an scoil go dtí an foirgneamh nua ar an 20 Deireadh Fómhair 2006. D’oscail Batt Ó Caoimh, Aire Oideachais, an scoil go hoifigiúil i mí Eanáir 2009 agus b’iontach an ceiliúradh a bhí ag pobal na scoile an lá sin.

I Mí Feabhra 2010, roghnaíodh Gaelcholáiste Cheatharlach mar ceann dena scoileanna do chigireacht san scéim phíolótach nua MSU – BCF (Meastóireacht Scoile Uile – Bainistíocht, Ceannaireacht agus Foghlaim). D’éirigh go hiontach leis an scoil. I bhFómhar 2010 cheiliúraigh Gaelcholáiste Cheatharlach “20 Bliain ag Fás” le hócáidí faoi leith dona scoláirí, d’fhoireann na scoile, dona tuismitheoirí, do lucht Gaeilge an cheantair agus dona hiarscoláirí.

Ón gcéad lá bhí sé mar aidhm láidir anseo go dtugtar an deis do dhaltaí an oiliúint agus an fhorbairt is fearr a fháil agus chuige sin tá curaclam leathan á sholathar i dtimpeallacht atá taitneamhach. Is mór an líon áiseanna atá ar fáil chun daltaí a réiteach don saol atá rompu. Rinne an chéad rang Scrúdú na hArdteistiméireachta i 1995 agus ó shin i leith tá ag eirí go hiontach leis na scoláirí le céatadán an-ard ag frestal ar chúrsaí éagsúla i gcoláistí triú leibhéil. Is minic a bhíonn uasmhéid poinntí agus scoláireachtaí 3ú leibhéil bainte amach ag daltaí.

Tá dul chun cinn iontach déanta ag an scoil maidir le cúrsái spóirt le coirn náisiúnta buaite san scuais agus galf agus onóracha cúige / réigiúin i gcúrsaí peile, iománaíochta, sacair agus lúthchleasaíochta. Cothaítear na healaíona go ginearálta le béim an-mhór ar chúrsaí ceoil agus cultúrtha agus is minic a bhíonn bua ag dáltaí i gcomórtais áitiúla agus náisiúnta.

Tá sé mar aidhm ag an scoil oideachas a chur ar fáil mar chuid den phlean saoil iomlán ionas go mbeadh na daltaí in ann fás, forbairt agus a gcumas a shroichint leis an meon ceart maidir le foghlaim, obair, fírinne, áilleacht, oidhreacht, maitheas, dínit, daoine eile, iad féin agus an saol go coitianta.

Tá Gaelcholáiste Cheatharlach ag fás agus ag forbairt i gcónaí agus faoi láthair tá 372 dalta ó bhunscoileanna éagsúla sa cheantar ag freastal ar Ghaelcholáiste Cheatharlach.

Tá gach grúpa go bhfuil baint acu le Gaelcholáiste Cheatharlach – dáltaí, múinteoirí, foireann na scoile agus tuismitheoirí gníomhach i gcónaí sa Choláiste.

“Ar Scáth a chéile a mhaireann na Daoine”

Bealt 06
2024
Lá saoire bainc
Bealt 07
2024
Scoil dúnta
Bealt 31
2024
Saoire an tSamhraidh
27-Feabh-2024
5th year subject choices
Easca, Ceatharlach, R93HY89.
059 913 2130
KCETB
State, Multi-denominational & Co-educational
Enquire
Location
© 2024 Gaelcholáiste Cheatharlach